Téadcheathairéad
Cuma
Is éard atá i gceist le téadcheathairéad[1] ná grúpa ina bhfuil dhá veidhlín, vióla is dordveidhil, agus/nó píosa ceoil i gcomhair an ghrúpa sin.
Ó lár an 18ú céad, glactar leis an téadcheathairéad mar an gceol is an cheolfhoireann is sásúla i gcomhair ceol aireagail.
Ba é Haydn an chéad chumadóir suntasach téadcheathairéad: bhunaigh sé an struchtúr 4 ghluaiseacht agus scríobh cuid de na sárshaothair luatha sa bhfoirm sin.
Chuir máistrí na Víne, Mozart, Beethoven is Schubert, go mór cruthaitheach leis an bhfoirm. Ba thábhtachtach Bartók is Shostakovich i gcumadh téadcheathairéad níos déanaí.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, string quartet
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Téadcheathairéad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |