Jump to content

Coiscéim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoiscéim
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreLitríocht na Gaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1980
Bunaitheoir(í)Pádraig Ó Snodaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttp://www.coisceim.ie/
LinkedIn: coiscéim-irish-book-publishers-b9b5a0a Cuir in eagar ar Wikidata

Comhlacht foilsitheoireachta de shaothar i nGaeilge amháin, atá lonnaithe in Éirinn, is ea Coiscéim. Tá cáil ar leith ar Coiscéim mar fhoilsitheoir a chuireann cnuasaigh filíochta i gcló agus tá cnuasaigh foilsithe acu le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Caitlín Maude agus go leor eile. Foilsíonn Coiscéim réimse leabhar eile -úrscéalta, cnuasaigh ghearrscéalta, cuimhní cinn agus leabhair neamhfhicsin eile. Ba iad a d’fhoilsigh an t-úrscéal El le Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana Fhoras na Gaeilge 2022.[1]

Lógó
Leabhar a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 2011... Fréamh an Eolais le Matt Hussey. ... gan eagarthóireacht ?

Bhunaigh Pádraig Ó Snodaigh, staraí a bhí ag in Iarsmalann na hÉireann, an teach foilsitheoireachta sa mbliain 1980 nuair nach raibh foilsitheoirí Clódhanna Teoranta, foilsitheoirí Chonradh na Gaeilge, sásta níos mó filíochta a chur i gcló. Lorg sé an chóipcheart uathu chun an trí shaothar filíochta a chur i gcló; fuair sé iasacht airgead (£500) ó fhear uasal a bhí sásta é a thabhairt dó gan cheist, agus laistigh de roinnt míonna, bhí Coiscéim bunaithe.

Litríocht chomhaimseartha a sholáthair don phobal Gaeilge ionas go mbeadh sé le h-aithint go bhfuil litríocht chomhaimseartha dá gcuid féin aici agus dá réir gur teanga nua-aoiseach í.

Tá nach mór dhá mhíle teideal curtha i gcló ag Coiscéim idir 1980-2024. Is é mac Phádraig, Feargus Ó Snodaigh atá i mbun riarachán laethúil an chomhlachta sna 2020idí.[1]

Tá os cionn 500 údar idir úrscéalaithe, gearrscéalaithe, filí, drámadóirí, lucht aistí agus aistíle, greann, neamhfhicsean, taighdeoirí, lucht léinn, stairithe, aistritheoirí, srl tar éis saothar a sholáthair dó le cur i gcló.

D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar Ghaeilge is mó riamh - Logainmneacha Mhaigh Eo - leis an Dr. Fiachra Mac Gabhann (nach maireann) 3,500 logainm le 7,500 leathanach 2.5 milliún focal thar 13 imleabhar.

Bhronn Ollscoil BÁC (UCD) DLitt Celt ar Phádraig, Sin an céim dochtúireachta onórach is mó ar féidir leo bronnadh ar dhuine as ucht atá á dhéanamh aige do litríocht na Gaeilge ach go háirithe, plúr na litríochta, an fhilíocht.

Níor éirigh le hiarratas Coiscéim faoi scéim maoinithe trí bliana Fhoras na Gaeilge sa bhliain 2024; níor éirigh le Coiscéim critéir na scéime a chomhlíonadh. Foilsíonn Coiscéim réimse leabhar ollmhór agus uaireanta, níl eagarthóireacht ró-mhaith déanta ar na leabhair (mar shampla, Fréamh an Eolais le Matt Hussey sa bhliain 2011) agus níl aon mhargaíocht ann.

Bhí Coiscéim i mbaol a dhúnta in 2024. Ach dúirt Foras na Gaeilge go ndéanfaidh siad iarracht tacú leis an teach foilsitheoireachta go dtí go bhfógrófar an chéad scéim eile faoi cheann dhá bhliain.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 "Coiscéim ‘i mbaol a dhúnta’ ach plé ar siúl faoi mhaoiniú ‘eisceachtúil’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-13). Dáta rochtana: 2024-09-14.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]