Vacsaín BCG
Cuma
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Riosca le linn toirchis | US pregnancy category C (en) |
Grúpa cógaseolaíochta | vacsaíní tuberculosis agus vacsaín heitrealógach |
Cód ATC | J07AN01 agus L03AX03 |
DrugBank | DB12768 |
UNII | 2XQ558L16Z agus 8VJE55B0VG |
Vacsaín chun cosaint a sholáthar i gcoinne na heitinne is ea Bacille Calmette-Guérin, nó an vacsaín BCG, a úsáidtear go príomha i gcoinne na heitinne (TB i mBéarla).
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bachaillíní beo tanaithe eitinne atá inti.
Is é atá i gceist leis an BCG ná tréithchineál lagaithe den bhaictéar Mycobacterium bovis, is é sin, baictéar eitinne na mbó.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'iad Albert Calmette (1863-1933) agus Camille Guérin (1872-1961), beirt bhaictéareolaithe a bhí ag obair in Institiúid Pasteur i Lille a d'fhorbair an vacsaín i rith bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda.
Tháinig an vacsaín in úsáid sa chéad uair sa bhliain 1921, ach níor éirigh sí coitianta ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bacille Calmette-Guérin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 57.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin chógaiseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |