Jump to content

Three Mile Island

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Three Mile Island
Íomhá
Sonraí
CineálStáisiún núicléach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Three Mile Island accident (en) Aistrigh
Tréith
Staid úsáidedíchoimisiúnaithe
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBailecheantar Londonderry, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhThree Mile Island
Map
 40° 09′ 07″ N, 76° 43′ 30″ O / 40.15205°N,76.72491°W / 40.15205; -76.72491
Gníomhaíocht
Am oibriúcháin2 Meán Fómhair 1974 –  20 Meán Fómhair 2019
ÚinéirExelon Cuir in eagar ar Wikidata
OibreoirExelon Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht rátáilte819 MW
ID GeoNames6332747
Suíomh gréasáin oifigiúilexeloncorp.com…
Three Mile Island

Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe is ea Three Mile Island.

Tharla drochthionóisc ann sa bhliain 1979, nuair a leáigh cuid mhaith de chroíleacán an imoibreora agus a sceith roinnt iseatóp radaighníomhach san atmaisféar.

Ar an 28 Márta 1979, is amhlaidh a tharla teip sa chóras fuaraithe[1], ach in ionad an croíleacán a bhá le huisce, lasc na hoibreoirí an córas éigeandála fuaraithe as ionas go raibh an croíleacán saor ó uisce fuaraithe ar feadh 40 nóiméad ar a laghad.

Plean

Leádh is loiteadh timpeall 75% den chroíleacán, ach ar ámharaí an tsaoil níor leádh go hiomlán é agus níor thit an breosla núicléach leáite go bun an tsoitheach treisithe coinneála. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh baol ann go ngalódh teas an chroíleacáin aon uisce ansin, nó fiú faoin talamh faoina bhun, agus go dtarlódh pléasc chumasach gaile a réabfadh an soitheach is a sceithfeadh an-chuid ábhair radaighníomhaigh ón gcroíleacán amach san atmaisféar.

Washington Post

Is cinnte go raibh an tionóisc sin an-ghar dá leithéid d'olltubaiste, agus bhí an t-ádh ar phobal Pennsylvania nár treádh an soitheach is go raibh teorainn leis an oiread radaighníomhaíochta a sceitheadh san atmaisféar.[2]

  1. https://www.nrc.gov/reading-rm/doc-collections/fact-sheets/3mile-isle.html
  2. Hussey, Matt (2011). "Three Mile Island". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 661.