Téac
Cuma
Tectona grandis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | teak (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Géineas | Tectona |
Speiceas | Tectona grandis L.f. |
Crann mór síorghlas a fhásann go hairde 45 m, dúchasach do dheisceart na hIndia agus oirdheisceart na hÁise. Na duilleoga suas le 45 cm ar fhad, ubhchruthach urchomhaireach. Cloig chúigliopacha bheaga bhána na bláthanna. Foinse adhmad fadsaolach uiscefhrithbheartach ardchaighdeáin, an-trom ionas go dtéann sé faoi uisce muna dtriomaítear amach is amach é. Maraítear an crann trí chrios coirte a ghearradh ag bun an stoic agus é a fhágáil dhá bhliain roimh a leagan.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Téac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |