Difríocht poitéinsil
Cuma
Siombail | U agus V |
---|---|
Foirmle |
Cainníocht sa bhfisic is ea difríocht poitéinsil (leictreach), a dtugtar an voltas uirthi freisin. Úsáidtear an tsiombail U di, agus tomhaistear in aonad voltaí (V) í. Bíonn difríocht poitéinsil idir dhá phointe nuair is gá obair a dhéanamh i gcoinne réimse leictrigh chun lucht a aistriú ó phointe amháin go pointe eile. Faightear neart an réimse leictrigh idir na pointí tríd an difríocht poitéinsil eatarthu a roinnt ar an bhfad eatarthu. Tugann an difríocht poitéinsil idir teirminéil bataire tomhas ar chumas an bhataire sruth a rith timpeall ciorcaid.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Difríocht poitéinsil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |