Comharbas fásra
Cuma
Teacht chun cinn plandaí éagsúla de réir oird ar láthair áirithe thar thréimhse. Mar shampla, i lochán, coilíníonn fásra uisciúil ar snámh é de réir a chéile. Le himeacht ama líonann sé le dríodar, éiríonn an t-uisce níos tanaí, agus tagann plandaí fréamhaithe cosúil le giolcach is cíob le bheith bunaithe. Ar deireadh, triomaíonn an lochán agus coilíníonn toim is crainn an láthair.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comharbas fásra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 162.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |