Clár Apollo
| |
Cineál misean | clár eitilte spás daonna, clár NASA agus tionscadal |
---|---|
Oibritheoir | NASA |
Clár spástaiscéalaíochta a d'eagraigh NASA idir na blianta 1961-1972 ba ea Apollo, le aistir don ghealach le foireann ar bord (1968-1972).
6 aistear ar fad a chuaigh i dtír. Tógadh 300 kg d'ithir, croíleacán is carraigeacha ar ais ón ngealach, agus rinneadh turgnaimh ar an ngealach.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]An fheithicil lainseála Saturn V a úsáideach do chlár Apollo, an roicéad ba chumasaí riamh ag an am sin.
Triúr foirne a bhí ar gach aistear, is iad lonnaithe sa mhodúl stiúrtha a d'fhanadh i bhfithis timpeall na gealaí nuair a scaradh an modúl gealaí leis chun tuirlingthe.
Ansin nuair a d'éiríodh an modúl gealaí ón dromchla, nascadh sé leis an modúl stiúrtha roimh imeacht le chéile ón bhfithis timpeall na gealaí le filleadh ar an domhan.
Tar éis teacht tríd an atmaisféar, thuirlingíodh an modúl gealaí le paraisiút sa bhfarraige, agus thógtaí ar bord loinge é.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh an gclár Apollo, d'eagraigh NASA cláracha saothraithe eile: Mercury, Gemini, Ranger, Surveyor is Lunar Orbiter.
1967
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh triúr spásairí in Apollo 1 le linn tástála.
1968.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Apollo 8 an chéad aistear le foireann don ghealach.
1969.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an ngealach i 1969.[1]
Ba é Apollo 12 an séú eitilt le foireann sa chlár Apollo agus an dara ceann a bhain talamh na Gealaí amach. Seoladh é ar an 14 Samhain 1969, ceithre mhí i ndiaidh Apollo 11.
1972.
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla an t-aistear deireanach, Apollo 17, i 1972: chaith an fhoireann 75 uair, agus thaistil 34 km, ar dhromchla na gealaí leis an bhfeithicil ar thugadar ‘fánaí gealaí’ uirthi.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cogg.ie. "An fear nár shiúil ar an ngealach!". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-01. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Apollo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 45.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |