Ball broinne
Cuma
Smál ar an gcraiceann ag breith an naíonáin. Ainmneacha eile air is ea ball dobhráin nó comhartha cille. Bíonn dhá phríomhchúis lena leithéid: bailiúchán meilinicítí (cealla líocha an chraicinn) a mbíonn dath éigin idir donn éadrom is dubh air, nó méadú éadrom na bhfuileadán is na soitheach limfe (smál pórtfhíona is marc sú talún na cineálacha is coitianta).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ball broinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |