An Altóir
Ainm Laidine (IAU) | Ara |
---|---|
Nod | Ara |
Ginideach Laidine | Arae |
Siombalaíocht | an Altóir |
Dronairde | 17.39 h |
Diallas | −53.58° |
Achar | 237 céim cearnach Céim 63ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 1 |
Réalta is gile | β Ara (méid 2.9) |
Dreigecheathanna | Dada |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +25° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Is réaltbhuíon dhoiléir ó dheas í an Altóir idir réaltbhuíon an Cheinteáir agus ceann an Fhaolchú. As Laidin tugtar Ara uirthi, sin le rá altóir.
Príomhghnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- β Ara: tá an réalta seo – an réalt is gile de chuid na hAltóra – ar méid dhealraitheach 2.9.
- γ Ara: is réalta dhúbailte í seo, atá díreach ó dheas de β.
- μ Ara: ceaptar go bhfuil trí phláinéad ar a laghad ag fithisiú an réalta seo, agus ceann acu de nádúr carraigeach de réir cosúlachta.
Réada suntasacha domhainspéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]- NGC 6397: téann Bealach na Bó Finne thar taobh thiar thuaidh na hAltóra, áit a bhfuil go leor réaltbhraislí oscailte is réaltnéalta idirleata inti. Tá NGC 6397 ar an gceann is gile i measc na réaltbhraislí cruinneogacha san Altóir; tá an bhraisle seo 8,200 solasbhliain i bhfad ón ngrianchóras s'againne agus b'fhéidir go bhfuil sí ar an gceann is giorra i measc braislí de shaghas sin.
- NGC 6193: réaltbhraisle oscailte
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dealaíodh an réaltbhuíon seo ón gCeinteár agus ón bhFaolchú trí idirchur réaltbhuíon na Rialach, a chum an tAb Nicolas Louis de Lacaille sa bhliain 1790.
Miotaseolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ionannaíodh an Altóir, léirithe bunoscionn de ghnáth ach uaireanta ina seasamh agus an deatach ag éalú isteach i mBealach na Bó Finne, le haltóir an cheinteáir Chiron; Ara Centauri an seanainm Laidine a bhí uirthi san am fadó. Ó am go chéile thugtaí altóir Dhiníosais uirthi. Ós rud é, áfach, nár aithníodh agus nár tionscnaíodh an réaltbhuíon go dtí an t-ochtú aois déag, is dócha nach raibh aon ghaol idir réigiún seo na spéartha agus creidimh na Sean-Ghréagaigh, ach amháin an gaol a d'fhionn cumadóir na réaltbhuíne.
Réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
- < 杵 (Mandairínis chǔ) = an Tuairgnín
- α Ara 2.95: Choo nó Tchou
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- δ Ara 3.62: Tseen Yin
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
- < 左更 (Mandairínis zuŏgēng) = an Fhaire ar an Taobh Clé (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
- Nod leat go dtugtar an t-ainm chéanna ar δ Arae
- ζ Ara 3.12: Tseen Yin
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- Réaltaí suntasacha eile:
- R Arae 6.00-7.00 – déréalta uraitheach agus déréalta infheicthe
Féach fosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Yale Bright Star Catalog
- an Altóir ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-26 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Altóir agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- an Altóir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Altóir Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Altóir
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |