Áis éisteachta
Cuma
Is é is áis éisteachta[1] (nó cluaisín cúnta) ann gaireas chun fuaim a aimpliú do dhuine le héisteacht éalangach. B'fhoirm luath de an adharc cluaise, feadán cónach a bhailigh an fhuaim isteach ag an gceann leathan agus a tharchuir isteach go dtí tiompán na cluaise í leis an gceann caol. Gairis leictreonacha a úsáidtear anois, le micreafón, aimplitheoir is cluasán, gach ceann acu laghdaithe is pacáilte i soitheach an-bheag le hoiriúnú díreach ar an gcluas. Déantar an tarchur deireanach go dtí an tiompán nó le seoladh tríd an gcnámh mhastóideach.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““hearing aid” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cluaisín cúnta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 148.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |