Jump to content

Vestmannaeyjar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilVestmannaeyjar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 63° 24′ 59″ N, 20° 16′ 58″ O / 63.4164°N,20.2828°W / 63.4164; -20.2828
Náisiún oileándaan Íoslainn
Réigiún na hÍoslainneSuðurland Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,523 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús277.48 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla16.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeHeimaklettur (en) Aistrigh (283 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisÍris Róbertsdóttir (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist900, 902 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IS-VEM Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvestmannaeyjar.is Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Vestmannaeyjab%C3%A6r-82344476330 Instagram: vestmannaeyjabaer Cuir in eagar ar Wikidata

Vestmannaeyjar an t-ainm atá ar oileánra beag amach ó chósta theas na hÍoslainne. Rugadh agus tógadh Heimir Hallgrímsson ann.

‘Oileáin Fhir an Iarthair’ is ciall don logainm agus is do Ghaeil na hÉireann agus na hAlban atá an mhír ‘Vestmann’ ag tagairt. Is é sin an t-ainm a thug na Lochlannaigh ar na Gaeil ag an am mar gurbh as an Iarthar iad i gcomparáid le Críoch Lochlann féin.[1]

Dar le lámhscríbhinní ársa na Lochlannach, bhí manaigh Éireannacha san Íoslainn sular bhain siad féin an t-oileán amach sa 9ú céad ach is cosúil gur le hÉireannaigh eile, sclábhaithe Gaelacha le bheith beacht, a bhaineann na Vestmannaeyjar.[1]

Ingólfur Arnarson ab ainm don chéad Lochlannach a lonnaigh san Íoslainn agus bhí bráthair gaoil aige darbh ainm Hjörleifur. Mar ba dhual do na Lochlannaigh ag an am, bhí tráileanna, nó sclábhaithe, ag Hjörleifur – Gaeil a bhí iontu a fuadaíodh ar cheann de na ruathair a thug Hjörleifur ar Éirinn.

Tharla sé áfach gur mharaigh na sclábhaithe Gaelacha seo Hjörleifur i ndeisceart na hÍoslainne in 875 sular theith siad go dtí na hoileáin bheaga amach ón chósta, áit ar maraíodh a bhformhór tamall ina dhiaidh sin. Léiríonn an scéal seo an dlúthnasc idir na Gaeil agus muintir na hÍoslainne, agus tá an tionchar sin go fóill le brath in ainm an oileanrá agus i stair an cheantair.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 NÓS (2024-09-07). "Stair Ghaelach Vestmannaeyjar, baile dúchais Hallgrímsson" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-08.