Jump to content

Vacsaín HPV

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaVacsaín HPV
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtavacsaín
Cód ATCJ07BM

Tugann an vacsaín HPV cosaint ar an víreas HPV, an papalómaivíreas daonna, a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hailse agus le faithní na mball giniúna.[1] Bíonn HPV ina chúis le 99% d’ailse cheirbheacs, an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[2] Tá an vacsaín HPV á moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Chónaidhm Idirnáisiúnta Obstatraithe agus Ginéiceolaithe agus an sainchomhlacht imdhíonadh in Éirinn.[3]

Tairgfear vacsaín HPV do chailíní in aois a 12 go 13 bliana d'aois.[4] Ón bhliain 2010 tá an vacsaín ar fáil in Éirinn saor in aisce do gach cailín sa chéad bhliain meánscoile. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go léiríonn figiúirí luatha gur 70% de chailíní a bhain leas as an vacsaín sa scoilbhliain 2015/2016, i gcomparáid le 87% i 2014.[2]

Tá a lán tuairiscí i meáin chumarsáide na hÉireann faoi shábháilteacht na vacsaíne Gardasil (HPV). Níor athraigh próifíl sábháilteachta na vacsaíne HPV ó cuireadh tús le clár vacsaínithe HPV i 2010. Tá ráitis ó na comhlachtaí idirnáisiúnta ar fad ag léiriú go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. FSS (2024). "Vacsaíní chun do pháiste a chosaint". Dáta rochtana: 2024.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2016-10-07). "Titim sa líon daltaí a fhaigheann an vacsaín HPV" (as ga-IE). 
  3. "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-15. Dáta rochtana: 2016-10-09.
  4. "PublicHealth.hscmi.net". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-02. Dáta rochtana: 2016-10-09.
  5. Oifig Náisiúnta Imdhíonta (2016). "Fógra" (en). www.gov.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-25. Dáta rochtana: 2024-08-24.