Seán Ó hEochaidh
Polaiteoir Éireannach é Seán Ó hEochaidh (Béarla: Seán Haughey). Rugadh é ar 8 Samhain 1961 i mBaile Átha Cliath. Mac le Cathal Ó hEochaidh agus lena bhean chéile Maureen (iníon le Seán F. Lemass) is ea é.
Óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Pól, Ráth Eanaigh, agus i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé céim sa pholaitíocht agus san eacnamaíocht agus chuaigh sé le polaitíocht ansin agus é go hóg.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina bhall de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 2003, agus ina Ard-Mhéara ar an gcathair ar feadh bliana sa tréimhse 1989/90. Chaith sé na blianta 1987 go dtí 1992 ina Sheanadóir, agus toghadh chun na Dála é i 1992. Is polaiteoir cúramach coimeádach é a bhí faoi scáth a athar ó thús. Choinnigh sé a shuíochán ón gcéad uair a toghadh é go dtí olltoghchán 2011, nuair a chaill sé é. Ceapadh é ina Aire Stáit (Aire Sóisearach) i 2006 sa Roinn Oideachais. Toghadh arís é san Olltoghchán 2016.
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé pósta le hOrla O'Brien agus tá ceathrar clainne acu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A shuíomh idirlín oifigiúil féin Curtha i gcartlann 2008-10-20 ar an Wayback Machine
- Próifíl Sheáin Uí Eochaidh ar shuíomh idirlín Fhianna Fáil Curtha i gcartlann 2008-04-13 ar an Wayback Machine
- Stair thoghchánaíochta Sheáin Uí Eochaidh
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Ailt le téacs sa Bhéarla
- Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Síolta na hÉireann
- Daoine a rugadh i 1961
- Daoine beo
- Alumni Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Ardmhéaraí Bhaile Átha Cliath
- Baill den 18ú Seanad
- Baill den 19ú Seanad
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Baill Fhianna Fáil
- Comhairleoirí Áitiúla
- Fir