Jean-Luc Godard
Stiúrthóir scannán ba ea Jean-Luc Godard (3 Nollaig 1930 - 13 Meán Fómhair 2022), ar dhuine de na stiúrthóirí is tábhachtaí i stair na scannánaíochta. Bhunaigh sé an ghluaiseacht 'Nuathonn na Fraince" agus an-tionchar aige.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Godard san Eilvéis sa bhliain 1930. Tá clú ar Godard de bharr a chuid scannán ó na seascaidí, go háirithe na scannáin À Bout de Souffle, Le Mépris agus Pierrot le Fou.[3]
Ba stiúrthóir turgnamhach é Godard, díreach go dtí deireadh a shaoil; mar shampla, bhuaigh sé an duais in Cannes dá scannán Adieu au Langage agus é ceithre bliana is ochtó d’aois. Dúirt Martin Scorcese gur athraigh Godard an smaoineamh a bhí againn faoi scannáin agus nach raibh stiúrthóir ar bith chomh misniúil is a bhí Godard.
Eotanáis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chinn Godard lámh a chur ina bhás féin san Eilvéis ar 13 Meán Fómhair 2022. Fuair sé bás trí fhéinmharú cuidithe.Dúirt a theaghlach go raibh sé ag fulaingt mar gheall ar thinnis iomadúla.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ CEA. "RÉALACHAS FILEATA I gCINEAMA DOMHANDA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-20. Dáta rochtana: 2022.
- ↑ David Sterritt (1998). "worldcat.org". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 3.0 3.1 Conradh na Gaeilge Londain (17 Meán Fómhair). "Nuacht Mhall (An Clár)". Dáta rochtana: 20 Meán Fómhair 2022.
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |