Fredericton
Fredericton | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | An Prionsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ceanada | ||||
Cúige Cheanada | New Brunswick | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 63,116 (2021) | ||||
• Dlús | 482.98 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 130,680,000 m² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saint John | ||||
Airde | 20 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Bunaitheoir(í) | Acadaigh | ||||
Cruthú | 1785 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | fredericton.ca… |
Príomhchathair New Brunswick, cúige de chuid Cheanada, is ea Fredericton. Le cois rialtas an chúige, tá dhá ollscoil i bhFredericton, móide roinnt foras cultúir a leithéidí an Gailearaí Ealaíne Beaverbrook, Músaem York Sunbury agus The Playhouse, a dhéanann freastal ar lucht na n-ealaíon léirithe. Bíonn féile cheoil bhliantúil ann, mar atá an Harvest Jass & Blues Festival, agus tá ráth ar cheoltóirí indie rock ann.
Tá Fredericton suite i lár thiar theas New Brunswick, ar an Abhainn St. John. Tá an rannóg phoiblí tábhachtach i ngeilleagar na cathrach mar gheall ar a stádas mar phríomhchathair an chúige ach tá an rannóg trádálach agus teicneolaíocht faisnéise láidir chomh maith. De réir an daonáirimh sa bhliain 2021, bhí 63,166 duine ina gcónaí i bhFredericton féin agus 108,610 i mórcheantar na cathrach. Is é Fredericton an tríú cathair is mó sa chúige: tá Saint John agus Moncton níos mó ná é.
Bhí Indiaigh de na treibheanna Mi’kmaq agus Maliseet ina gcónaí sa réigiún sular tháinig na hEorpaigh go dtí an áit. Bhí sórt príomhbhaile ag na bundúchasaigh seo cúpla míle slí níos faide thuas an Abhainn St. John, baile beag ar ar tugadh Aucpaque. Lonnaigh Acadaigh san áit freisin sna 1730idí ach chuir na Briotanaigh a sráidbhaile le tine sa bhliain 1762. Chuir Dílseoirí fúthu sa bhliain 1783 agus iad ar teitheadh ón Réabhlóid Mheiriceánach. Fuair cuid acu bás mar bhí geimhreadh na bliana úd thar a bheith fuar. Rinneadh cathair den bhaile sa bhliain 1785 leis an ainm Fredericton.
Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nasc Seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |