Federico García Lorca
File agus drámadóir de chuid na Spáinne ba ea Federico García Lorca (5 Meitheamh, 1898 – 19 Lúnasa, 1936). Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Federico ar an 5 Meitheamh, 1898 i Fuente Vaqueros, ar bhruach an Genil, cúpla míle ó Granada. san Provincia de Granada i ndeisceart na Spáinne, i dteaghlach a raibh seasamh eacnamaíoch compordach acu. Baisteadh é mar Federico del Sagrado Corazón de Jesús García Lorca. Tá a chéad teach, i Fuente Vaqueros, anois ina iarsmalann..
Ba úinéirí talún a athair Federico García Rodríguez (1859-1945) agus a mháthair, Vicenta Lorca Romero (1870-1959). Bhí a mháthair ina múinteoir scoile sular phós sí, agus chothaigh sí blas liteartha a mic.
Chun tús a chur le staidéir meánscoile, cuireadh García Lopez go hAlmería. D'fhan sé lena mhúinteoir Antonio Rodríguez Espinosa ar feadh tréimhse ghairid, ach chuir tinneas scornach tromchúiseach isteach air, a chuir i mbéal an bháis é. Cuireadh iallach air filleadh go práinneach ar a thuismitheoirí.
Sa bhliain 1909, shocraigh a theaghlach síos go buan i Granada, áit ar thosaigh sé ar a chuid staidéir ar dtús ag Coláiste Chroí Ró-Naofa Íosa.
Nuair a bhí sé sna déaga, chuir sé níos mó spéise sa cheol ná sa litríocht; rinne sé staidéar ar an bpianó le Antonio Segura Mesa.
Ollscoil agus ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Lorca staidéar ar an dlí in Ollscoil Ghranada, ach d'imigh sé leis go Maidrid ina dhiaidh sin.
Ceoltóir den scoth a bhí ann chomh maith. I measc a chairde san ollscoil, bhí níos mó aithne air mar cheoltóir ná mar scríbhneoir. Sa bhliain 1926, i dteach muintire an teaghlaigh García - Trevijano in Órgiva, léirigh sé mazurka a chum Manuel de Falla do Carmen García-Trevijano den chéad uair ag an bpianó, a bhí ag an am seo ina aintín don dlíodóir agus don pholaiteoir frith-Fhranco Antonio García-Trevijano.
Fuair sé an-spreagadh as féile ceol traidisiúnta Fiesta de Cante Jondo i 1922. Bhunaigh sé go leor dá shaothar ar cheol na ngiofóg as sin i leith. Ba é an file ba cháiliúla in Andalucia é mar gheall ar shaothair ar nós Poema del Cante Jondo (1931), agus Primer Romancero Gitano (1927). Bhí an-cháil ar a dhráma Marina Pineda, dráma rómánsúil stairiúil.
Ón flamenco a thóg Federico García Lorca an coincheap duende, focal nach féidir a shainmhíniú; ach baint aige le braistintí nó eispéireas níos airde nó níos déine.[1]
Bhí sé an-chairdiúil le healaíontóirí cáiliúla i Maidrid, Juan Ramón Jimenez, Pablo Neruda, Salvador Dalí agus Luis Buñuel ina measc. Meastar go raibh sé i ngrá le Dalí.
Ghnóthaigh Lorca a chéim sa dlí i 1923 agus chuir sin deireadh lena thréimhse ollscoile.
Taistil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Lorca cuairt ar Nua-Eabhrac i 1929 agus chónaigh sé ar champas Ollscoil Columbia. Ní raibh Béarla ar bith aige agus bhí lionndubh air go minic sa chathair aduain. Ach bhí an-mheas aige ar dhrámaíocht nua na Meiriceánach. Cháin sé cathair a shíl sé a bheith scanrúil agus truaillithe go fisiciúil agus go spioradálta i gcnuasach dánta nár foilsíodh go dtí 1940, Poeta en Nueva York, tar éis a bháis.
Thug sé cuairt ghéar ar Chúba agus tháinig abhaile chun na Spáinne i 1931.
Cogadh agus bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar gheall ar a shaol pearsanta mar dhrámadóir homaighnéasach, agus a dhearcadh polaitiúil, bhí an eite dheis an-naimhdeach dó.
Chuaigh sé ar a choimeád nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na Spáinne. Ach tháinig saighdiúirí an Falange air i mí Lúnasa 1936. Daoradh chun báis é gan triail.
Cuireadh é in uaigh a thochail sé féin. Níor tháinig na saineolaithe fóiréinseacha riamh ar thaisí daonna.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh céad leabhar Lorca i 1918, leabhar taisteal dar teideal Impresiones Y Paisajes.
I 1921, foilsíodh Libro de Poemas, dánta i bhfoirm fabhalscéalta.
Chuir sé cumann drámaíochta taistil, La Barraca, ar bun nuair a bhí sé ar ais sa bhaile. Léiríodh a chuid drámaí ar fud chúigí na Spáinne.
I measc na ndrámaí ba cháiliúla dá chuid, tá Boda de Sangre (Bainis Fola), a léiríodh den chéad uair i 1933, dráma atá cosúil le tragóid Ghréagach.
Léiríodh Yerma i 1934, dráma faoi phósadh gan chlann.
Díreach sular maraíodh Lorca, cuireadh La Casa de Bernarda Alba ar an ardán den chéad uair, dráma faoi mháthair thiarnúil agus a clann iníonacha ina gcuireann an bhean is óige lámh ina bás féin mar gheall ar a leannán a bheith geallta leis an iníon is sine.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí grá, éad, paisean agus bás tobann ina dtéarmaí lárnacha i ndrámaí Lorca, agus b'amhlaidh a bhí a shaol féin.[2]
Chothaigh saothar Michael Hartnett ar Federico García Lorca.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aodh Ó Coileáin (18 Lúnasa 2022). "TAISTEAL: Is deacair buidéal Cajones de Gato in Andalúis Lorca a bhualadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Róisín Sheehey (23 Lúnasa 2018). "Mistéir na leabhar athláimhe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.
- ↑ Máire Ní Fhinneadha (13 Deireadh Fómhair 2019). "MICHAEL HARTNETT 1941-1999: Agus a chuid filíochta á léamh agam inniu, ní aithním lá aoise uirthi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-19.