Ciarraí (Dáilcheantar)
Ciarraí | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Cruthú | 2016 |
Is Dáilcheantar 5 suíochán é Ciarraí. Níl aon athrú ar an dáilcheantar ó 2020. Contae Chiarraí ar fad atá ann, agus cúig shuíochán le líonadh.
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála John Brassil (Fianna Fáil), Martin Ferris (Sinn Féin), Brendan Griffin (Fine Gael), Danny Healy-Rae (Neamhspleách), agus Michael Healy-Rae (Neamhspleách). Ba ea Ciarraí an t-aon dáilcheantar sa tír ina raibh beirt ón gclann chéanna sa Dáil le linn 2016-2020. D’éirigh le Danny Healy-Rae aistriú maith vótaí a fháil i ngach comhaireamh ó gach iarrthóir a cuireadh as an áireamh in 2016.[1]
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Norma Foley (Fianna Fáil), Pa Daly (Sinn Féin), Brendan Griffin (Fine Gael), Danny Healy-Rae (Neamhspleách), Michael Healy-Rae (Neamhspleách). Toghadh Pa Daly (SF) ar an gcéad chomhaireamh in 2020 le farasbarr de 2,788 vóta. Bhí 20% den vóta aige. Tá togha na Gaeilge aige agus cloistear go minic é ar Raidió na Gaeltachta.[1]
Bhí 18% den vóta idir an bheirt iarrthóirí ag Fine Gael san olltoghchán in 2020. Fuair Fianna Fáil 21% den vóta in olltoghchán 2020. Bhí beagnach dhá chuóta idir an dá Healy-Rae. Fuair Michael Healy-Rae 16,818 vóta in 2020 agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh le farasbarr de 3,873 vóta. Aistríodh leath de na vótaí chuig Danny Healy-Rae agus toghadh é ar an séú comhaireamh. Ba ea Ciarraí an t-aon dáilcheantar sa tír ina raibh beirt ón gclann chéanna sa Dáil le linn 2020-2024.[1]
Le linn 2020-2024, cheadaigh an tAire Spóirt Thomas Byrne (FF) trí thogra mhóra spóirt do Chiarraí, ina measc €6 mhilliún le hathchóiriú a dhéanamh ar Staid Mhic Gearailt i gCill Airne, níos mó ná mar a fuair aon chontae eile seachas an Mhí.
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí seachtar déag san iomaíocht, ina measc ceathrar den chúigear Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Michael Healy-Rae (Nspl) agus a dheartháir Danny Healy-Rae (Nspl); an tAire Oideachais Norma Foley (FF) agus Pa Daly (SF). Cé gur fear óg fós é, shocraigh Brendan Griffin (FG), nach raibh sé ag dul san iomaíocht.
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 na deartháireacha Healy-Rae, Norma Foley (FF), Michael Cahill (FF) agus Pa Daly (SF). Bhí Michael Healy-Rae ar bharr an chomhaireamh arís i gCiarraí agus atoghadh a dheartháir Danny Healy-Rae agus Pa Daly (SF). Toghadh beirt ó Fhianna Fáil, Norma Foley agus a chomhghleacaí Michael Cahill, ar an 13ú comhaireamh. Bhain Foley an cuóta amach agus chríochnaigh Cahill, thart ar 750 vóta chun tosaigh ar Billy O’Shea chun an suíochán deireanach a fháil. Ní raibh Teachta ar bith ó Chiarraí ag Fine Gael. Iarrthóir amháin a bhí ag Fine Gael, an t-iarpheileadóir contae Billy O’Shea (FG) ó Chill Orglan. Is ceantálaí é, a bhí ar fhoireann bhuacach Chiarraí i 1997.[2] Bhí 17% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael sna toghcháin áitiúla 2024.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Donncha Ó hÉallaithe (25 Samhain 2024). "Danny Healy-Rae i mbaol agus seans ag FF ar an dara suíochán i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.
- ↑ "TUAIRISC BHEO: Fine Gael fágtha ar an trá fholamh i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-01). Dáta rochtana: 2024-12-01.