Amnesty International
Is gluaiseacht domhanda é Amnesty International a théann i mbun feachtais ionas nach mbeidh a chearta daonna sáraithe ag aon duine agus chun na cearta daonna bunúsacha deimhnithe sa Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine á gcosaint. Saothraíonn an ghluaiseacht neamhspleách ó idé-eolaíocht pholaitiúil ar bith, ó leas eacnamaíoch agus ó reiligiún ar bith. Bunaíodh Amnesty International sa bhliain 1961 i Sasana. Kumi Naidoo, ón Afraic Theas, atá i gceannas ar AI faoi láthair. Tá breis is 7,000,000 ball ag Amnesty International ar fud an domhain.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear de ghnáth gur tháinig Amnesty International as litir, "The Forgotten Prisoners"[1] ó Peter Benenson, dlíodóir Sasananach, a foilsíodh ar an 28 Bealtaine 1961 sa nuachtán The Observer (Londain) agus a athfhoilsíodh go forleathan. Bhunaigh sé an eagraíocht ar bhonn foirmiúil cúpla mí ina dhiaidh sin, chun an feachtas "Appeal for Amnesty, 1961" a sheol sé sa litir a chur chun cinn.[2]
Amnesty International Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Amnesty International Éire an eagraíocht cearta daonna is mó in Éirinn le beagnach 17,000 ball sa bhliain 2015. Glacann siad páirt i bhfeachtais ar fud an domhain:
- Díshealbhuithe fórsáilte
- Cearta Daonna sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh
- Chun deireadh a chur le pionós an bháis
- Chun deireadh a chur le ciorrú ball giniúna ban san Eoraip
Díshealbhuithe fórsáilte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá breis is billiún daoine timpeall an domhain ag maireachtáil i slumaí agus i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla. Maireann siad faoi scáth na himní agus na heagla i gcónaí go gcaithfear as baile iad gan choinne, gan chúiteamh. Tá béim curtha faoi láthair ar chás na Romach san Iodáil atá ag fulaingt dian-leithcheal ó na húdaráis.
Cearta daonna sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le blianta beaga anuas tá na milliúin daoine tagtha amach ar na sráideanna ag éileamh athruithe sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh. Go minic d'fhulaing siad foréigean, príosún nó céasadh nuair a d´éiligh siad a gcearta daonna bunúsacha. Oibríonn Amnesty International le gníomhaithe cearta daonna sa Libia, san Éigipt, sa Túinéis agus in áiteanna eile atá ag athrú go mall, agus chun drochíde a nochtadh ar dhá thaobh na coimhlinte uafásach sa tSiria.
Pionós an bháis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Séard atá i gceist le pionós an bháis ná séanadh cearta daonna atá go hiomlán dochúlaithe. Tá Amnesty International ag obair go dian chun deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain.
Ciorrú ball giniúna ban san Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá feachtas de chuid Amnesty International, END FGM, ar siúl ar fud na hEorpa ar feadh roinnt blianta anois. Tá an feachtas ag iarraidh béim a chur ar chiorrú ball giniúna ban ar chlár oibre Aontais na hEorpa agus chun na mná a d'fhulaing é go dtí seo agus atá fós i mbaol a chur chun cinn.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Forgotten Prisoners" (as en) (2019-05-04). Wikipedia.
- ↑ "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-28.