Alkmaar
Alkmaar | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Tír de chuid Ríocht na hÍsiltíre | an Ísiltír | ||||
Cúige de chuid na hÍsiltíre | an Ollainn Thuaidh | ||||
Príomhchathair | Alkmaar | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 109,896 (2021) | ||||
• Dlús | 3,520.05 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 50,002 (2015) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 31.22 km² | ||||
• Uisce | 6.21 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Noordhollandsch Kanaal (en) | ||||
Airde | 1 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 1800–1831 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 072 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | alkmaar.nl | ||||
Cathair atá suite i dtuaisceart na hÍsiltíre is ea Alkmaar, agus é nasctha le hAmstardam trí Rijksweg 9 (mórbhealach an A9). Sa bhliain 2007 bhí 94,216 duine ina gcónaí sa chathair. Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar mhargadh cáise traidisiúnta Alkmaar.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is díol spéise do thurasóirí é margadh cáise na cathrach, lonnaithe ag an Waagplein. Is éard atá sa Waagplein ná cearnóg taobh amuigh den "Waag", nó an teach meáite, ait inar ndéanadh gach saghas ábhar (cáis ach go háirithe) a mheá. Go traidisiúnta, bíonn an margadh ar siúl ar an gcéad Aoine in Aibreán, agus bíonn margadh deireanach an tséasúir ann ar an gcéad Aoine de Mheán Fómhair. Ní fíormhargadh é, ach taispeántas a léiríonn seantraidisiún na cáiseoireachta, mar a bhí fadó in Alkmaar. Deanann sé ceiliúradh ar cháis thraidisiunta an réigiúin. Ní féidir cáis a cheannach ag an margadh féin, ach bíonn seastáin go flúirseach ina thimpeall, áit ar féidir an uile ní a cheannach, idir cáis agus cuimhneacháin.
Tá oifig turasóireachta na cathrach lonnaithe sa Waag, chomh maith le hiarsmalann cáise. Ina theannta sin, tá dhá amharclanna, pictiúrlann mhór, agus iarsmalanna éagsúla eile sa chathair (iarsmalann bheorach agus ceann eile go hiomlán bunaithe ar an ngrúpa "The Beatles" ina measc). Ó thaobh siamsaíochta oíche de, ta an t-uafás tithe tábhairne lonnaithe mórthimpeall ar an Waag.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |