Acht Phoblacht na hÉireann, 1948
Cineál | Acht den Oireachtas | |||
---|---|---|---|---|
Bailíocht | 1948 - | |||
Fógairt | an tOireachtas | |||
Dáta foilsithe | 1948 | |||
Aisghaireann sé | Acht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 | |||
Uimhir eagrán | 22 | |||
Príomhábhar | dlí riaracháin | |||
Tír | Éire | |||
Baint le limistéar údaráis | Éire | |||
Saothar iomlán ar fáil ag URL | irishstatutebook.ie… |
Is Acht den Oireachtas í An tAcht Phoblacht na hÉireann, 1948 a leag síos gur Poblacht na hÉireann is "gnéthuairisc" (tuairisc) ar an Stát agus a dhílsigh go bhféadfaidh an tUachtarán, le húdarás agus ar chomhairle an Rialtais, cumhacht feidhmiúcháin nó aon fheidhm feidhmiúcháin de chuid an Stáit a fheidhmiú maidir lena chaidreamh eachtrach d'oibriú. an chumhacht chun an t-údarás feidhmiúcháin an stáit a fheidhmiú ina chaidreamh seachtrach, ar chomhairle Rialtas na hÉireann. Síníodh an tAcht ina dhlí an 21 Nollaig 1948 agus tháinig sé i bhfeidhm an 18 Aibreán 1949, Luan Cásca,[1] cothrom 33 bliain ó thosaigh Éirí Amach na Cásca.
Chuir an tAcht deireadh leis an ról reachtúil a bhí fágtha ag monarcacht na Breataine i ndáil leis an stát, trí Acht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 a aisghairm, a dhílsigh do Sheoirse VI agus a chomharbaí ar na feidhmeanna sin a d’aistrigh an tAcht anois chuig an Uachtarán.
Téacs an Achta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Acht Phoblacht na hÉireann ann féin an-ghearr, níl ann ach cúig chuid ghairide, agus mar sin tá sé leagtha amach ina iomláine mar a leanas:
Uimhir 22 de 1948
ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948.
ACHT D'ATHGHAIRM AN ACHTA ÚDARÁIS FHEIDHMIÚCHÁIN (CAIDREAMH COIGRÍCHE), 1936, DÁ DHEARBHU GUR POBLACHT NA hÉIREANN IS GNÉTHUAIRISC AR AN STÁT, AGUS DÁ CHUMASÚ DON UACHTARÁN CUMHACHT CHOMHALLACH NÓ AON FHEIDHM D'FHEADHMA COMHALLACHA AN STÁIT MAIDIR LENA CHAIDREAMH EACHTRACH D'OIBRIÚ. (21 ú Nollaig 1948)
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—
1.—Athghairmtear leis seo an tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 (Uimh. 58 de 1936).
2.—Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.
3.—Féadfaidh an tUachtarán, le húdarás agus ar chomhairle an Rialtais, cumhacht chomhallach nó aon fheidhm d'fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach d'oibriú.
4.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an Rialtas le hordú..
5.—Féadfar Acht Phoblacht na hÉireann, 1948, a ghairm den Acht seo.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann (eISB). http://www.irishstatutebook.ie/eli/1948/act/22/enacted/ga/print#