Jump to content

Himiléithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sliabhraon is ea na Himiléithe, atá suite idir fo-ilchríoch na hIndia agus ardchlár na Tibéide. Tá na sléibhte is airde ar domhan le fáil sna Himiléithe, ina measc Sliabh Everest agus K2. Tá deich sliabh sa sliabhraon i measc na 14 is airde ar domhan.

Tosaíonn cuid de na haibhneacha is mó ar domhan, an Ganges, Indus, Brahmaputra, Yangtze, Mekong, Salween, Abhainn Rua, Xunjiang, Chao Phraya, Irrawaddy, Amu Darya, Syr Darya, Tarim agus Huang He, sna Himiléithe. Tá cónaí ar 3 billiúin duine i dtíortha éagsúla san abhantrach draenála (beagnach leath de mhuintir an domhain): an Afganastáin, an Bhanglaidéis, an Bhútáin, Daon-Phoblacht na Síne, an India, Neipeal, Burma, an Chambóid, Táidsíceastáin, Úisbéiceastáin, an Tuircméanastáin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Téalainn, Laos, Vítneam, an Mhalaeisia agus an Phacastáin.

Bhí an-tionchar ag na Himiléithe ar chultúir Dheisceart na hÁise: is áiteanna naofa iad cuid de na sléibhe dar leis an mBúdachas, Hiondúchas, agus Saíceachas.