John Lennon
Ceoltóir, cumadóir, file, scríbhneoir agus aisteoir Sasanach ab ea John Winston Ono Lennon (9 Deireadh Fómhair 1940 – 8 Nollaig 1980). Bhí cáil ar Lennon mar ghiotáraí agus amhránaí leis an racghrúpa Sasanach The Beatles i rith na 1960idí, agus mar cheoltóir ina aonar ó 1970 go dtí lá a bháis i 1980.
Le Paul McCartney, chruthaigh Lennon cuid de na hamhráin is clúití riamh. Feictear ar Lennon mar laoch i gcúrsaí ceoil, agus i gcultúr nua-aimseartha.[1]
Saol
cuir in eagarMuintir
cuir in eagarPhós a thuismitheoirí, Freddie (nó Alfred) Lennon agus Julia Stanley,[2] i 1938 ach níor réitigh siad go maith le chéile.[3]
Rugadh John Lennon ar an 9 Deireadh Fómhair, 1940. Saolaíodh agus tógadh Lennon i Learpholl.
Mairnéalach ab ea a athair. Scar Freddie Lennon agus Julia óna chéile nuair a bhí John ocht mí dhéag d’aois, sa bhliain 1942. D’fhan John tamall ag teach uncail eile, Sidney Lennon agus a bhean Madge. Bhí fear eile ag Julia, John Dykins, agus faoi dheireadh phós siad agus bhí beirt iníonacha acu, Julia agus Jacqui.
Bhí fearg ar Sidney Lennon nach raibh spás ag Julia do John óg ina saol agus go raibh sí ag iarraidh fáil réidh leis.
Chuaigh John a chónaí le haintín agus uncail eile, George agus Mimi Smith (deirfiúr Julia), áit ar thosaigh sé ag bualadh ar an ghiotár ar dtús. D'fhás John anuas le Mimi agus George ag 251 Menlove Avenue, Learpholl (nó "Mendips").
Bhí a mháthair agus a teaghlach úr ina gcónaí cúpla míle suas an bóthar agus ó 1955 ar aghaidh léirigh sí níos mó suime ina mac, a bhí anois ina dhéagóir. Thug Lennon cuairt uirthi go minic, agus d'fhoghlaim sé an bainseó uaithi. Ba dhéagóir é Lennon agus an tóir ar cheol scifil ag an am.
Tháinig tubaiste i saol an fhir óg ar an 15 Iúil 1958 nuair a maraíodh Julia de bharr taisme chairr (póilín ar meisce ba chúis leis). B’éigean do Lennon an corp a shainaithint i marbhlann an ospidéil.
Óige
cuir in eagarBuachaill cliste ab ea Lennon, ach ní raibh a lán suim aige sa scoil. Ar aon chaoi, fuair sé áit i Liverpool College of Art i ndiaidh na "O-Level".
Bhí tionchar mór ag ceoltóirí cosúil le Buddy Holly agus Elvis Presley, agus an ceol scifil ar Lennon ag an am.. agus bhunaigh sé a bhanna féin The Quarrymen.[4]
Ar 6 Iúil 1957, bhuail John Lennon le Paul McCartney don chéad uair le linn féile áitiúil i Woolton. D'éirigh McCartney ina bhall den Quarrymen trí mhí níos déanaí.[5][6]
D'athraigh siad an t-ainm níos déanaí go Johnny and the Moondogs agus ansin Long John and The Silver Beetles. Sa bhliain 1960, thóg siad an t-ainm níos giorra The Beatles (ba iad The Crickets banna a laoch Buddy Holly).
The Beatles
cuir in eagarScríobh Lennon agus McCartney cuid de na hamhráin is cáiliúla riamh. Bhí Lennon ábalta scríobh ina aonar freisin, agus chruthaigh sé a amhráin féin níos minicí i rith na mblianta níos déanaí.
Sheinn siad san Indra Club in Hamburg, 1960-1962.[7]
Bhuail sé lena bhean chéile Cynthia Powell Liverpool College of Art sna 1950idí. Phós sé Powell i 1962 agus bhí mac acu Julian sa bhliain chéanna.
Sa bhliain 1965 bronnadh MBE air de bharr seirbhísí do thionscal na Breataine.
An duine deisbhéalach ab ea é sa bhanna, agus bhíodh sé ag magadh i gcónaí in agallaimh agus thuas ar an stáitse. Bhí scannal i 1966 i SAM nuair a dúirt Lennon go raibh The Beatles "níos faiseanta ná hÍosa". Fuair sé íde béal ó ghrúpaí éagsúla, agus bhí air dul ar teilifís chun a fhocail a mhíniú.[8]
Thosaigh Lennon ag cailleadh a shuim sa bhanna níos déanaí. Nuair a fuair a mbainisteoir Brian Epstein bás i 1967, thosaigh Paul McCartney ag stiúradh an bhanna. Thosaigh an banna ag tabhairt aire ar a gcúrsaí gnó féin don chéad am, agus bhí a lán argóint ann.
Bhí an uimhir 1 deireanach ag na Beatles i 1969 le “Ballad of John and Yoko” amhrán nach raibh ach McCartney agus Lennon ag canadh/seinm air.
John agus Yoko
cuir in eagarAr 9 Samhain 1966, chuaigh Lennon go dtí an Indica Art Gallery in Londain chun ealaíon Yoko Ono a fheiceáil. Nuair a tháinig Lennon abhaile ón India i 1968, d'fhág sé a bhean chéile Cynthia.
Pósadh Lennon agus Yoko Ono le chéile ar an 20 Márta 1969, agus rugadh mac (Sean) i 1975.
Na 1970idí
cuir in eagarNuair a scoir na Beatles i 1970, thóg Lennon faoi ghairm aonair agus thairg sé albaim ar nós John Lennon/Plastic Ono Band agus Imagine, agus singil ar nóis "Give Peace a Chance", "Working Class Hero" agus "Imagine". I ndiaidh gur phós sé Yoko Ono i 1969, d'athraigh sé a ainm go John Ono Lennon.
Nochtaigh Lennon nádúr ceannairceach agus nathaíocht géar ina cheol, scríbhneoireacht, líníochtaí, ar scannán agus in agallaimh. Bhí sé conspóideach trína ghníomhaíochas polaitiúil. I 1971, bhog sé go Manhattan, áit ina raibh riarachán Richard Nixon ag déanamh tréaniarracht Lennon a dhíbirt de bharr a cháineadh ar an gCogadh Vítneam, agus úsáideadh roinnt dá amhráin mar aintiúní don ghluaiseacht frith-chogaíochta agus an frithchultúr.
Tharraing Lennon siar ón ngnó ceoil i 1975 chun a mhac óg Sean a thógáil.
Tháinig sé ar ais le Ono i 1980 leis an albam dúbailte Double Fantasy. Dunmharaíodh é trí seachtaine níos déanaí.
Feallmharú
cuir in eagarCheap Lennon go raibh sé níos sábháilte agus níos saoire sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip.[9] Ach ar 8 Nollaig 1980, lámhaigh Mark Chapman, Críostaí ceartchreidmheach agus an-trí chéile, Lennon i neasraon taobh amuigh den bhloc ina raibh a árasán. Bhí gunnán Charter Arms Undercover .38 Special ag Chapman.[10][11][12]
“An duine is clúití riamh”, a dúirt Lennon de féin, “níos clúití ná Íosa Críost”, rud a chuir Chapman as a mheabhair glan.
Dúradh go raibh Chapman ar a chiall agus cuireadh ar a thriail é. Ar 24 Lúnasa 1981, gearradh téarma príosún "20 bliain nó saol" ar Chapman as John Lennon a dhúnmharú.
Bhí Chapman i dteideal a saortha sa bhliain 2000, ach níor ligeadh amach é ar parúl riamh,[13][14]
Lennon an Gael
cuir in eagarBhí fuil Éireannach ag Lennon. Rugadh a sheanathair James Lennon i mBaile Átha Cliath in 1858, agus rugadh a sheanmháthair Mary Maguire in Éirinn freisin. Bhí oidhreacht Breatnach ag a mháthair Julia.[2]
Sean an t-ainm a thug Lennon ar a mhac le Yoko Ono.
I rith na dTrioblóidí, bhí John Lennon sásta labhairt amach faoin chos ar bolg in Éirinn. Bhí na meáin chumarsáide agus na húdaráis an-dian ar dhuine ar bith a bhí in aghaidh pholasaithe Rialtas Shasana sa tír sin. Nocht Lennon a chuid tuairimí faoin scéal in amhráin mar “Sunday, Bloody Sunday” agus “The Luck of the Irish”.
Tionchar
cuir in eagarTá tionchar ag Ó Lionnáin ar dhaoine go fóill. Tá na mílte ag teacht go Mendips agus ag éisteacht lena chuid ceoil, nó ag déanamh iarrachta a bheith cosúil leis.
Cheannaigh duine éigin giotár ar 2.41 milliún dollar sa bhliain 2015.[15]
Albaim
cuir in eagar- Unfinished Music No.1: Two Virgins (le Yoko Ono) (1968)
- Unfinished Music No.2: Life with the Lions (le Yoko Ono) (1969)
- Wedding Album (le Yoko Ono) (1969)
- John Lennon/Plastic Ono Band (1970)
- Imagine (1971)
- Some Time in New York City (le Yoko Ono) (1972)
- Mind Games (1973)
- Walls and Bridges (1974)
- Rock 'n' Roll (1975)
- Double Fantasy (le Yoko Ono) (1980)
- Milk And Honey (le Yoko Ono) (1984)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "BBC - Irish - Próifíl ar John Lennon" (ga). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-12-08.
- ↑ 2.0 2.1 "Julia Lennon" (as en) (2022-06-16). Wikipedia.
- ↑ Tony Birtill. "John Lennon: laoch na nÉireannach i Learpholl" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-08.
- ↑ "The Quarrymen" (as en) (2022-07-02). Wikipedia.
- ↑ "The Beatles Bible - John Lennon meets Paul McCartney" (en-GB). The Beatles Bible (1957-07-06). Dáta rochtana: 2022-07-06.
- ↑ cogg.ie. "Leabhar ceoilː Ardteist b". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Beatles residency in Hamburg, - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-07-06.
- ↑ Chuir sé isteach ar dhaoine i Meiriceá nuair a dúirt John Lennon “We are more popular than Jesus now”, agus thosaigh an Ku Klux Klan feachtas le deireadh a chur leis an “Beatle menace”.
- ↑ Ben Todd (2010-10-25). "I feel safe in New York, says Lennon. Two days later he was murdered...". Mail Online. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ "CNN Transcript - Larry King Live Weekend: A Look Back at Mark David Chapman in His Own Words - September 30, 2000". edition.cnn.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-09. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ CNN.com - Transcripts. "Chapman ...reached around to shake Sean's hand and then he commented to her, "He's a beautiful little boy, isn't he?"". edition.cnn.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-24. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ Chapman ː "I flew all the way across the ocean from Hawaii, and it is an honour to meet you Mr. Sean Lennon".. "Chapter 27 (2007) - IMDb".
- ↑ "Mark David Chapman" (as en) (2022-08-21). Wikipedia.
- ↑ "John Lennon's killer again denied parole" (en). the Guardian (2008-08-13). Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ maynoothuniversity.ie (2015). "Eleathanach". Dáta rochtana: 2020.