- Taispeántas: Louise Weiss: Eorpach tiomanta
Ba dhuine forásach í Louise Weiss (1893-1983) a chonaic go leor de na hathruithe móra a tharla sa 20ú haois. D’fhág sí lorg buan ar an Eoraip mar atá sa lá atá inniu ann. B’intleachtóir agus gníomhaí diongbháilte í, a bhí i measc na gcéad daoine a chuir idéal na hEorpa chun cinn. Rugadh í an 25 Eanáir 1893 agus ba dhaoine liobrálacha, uas-mheánaicmeacha ón Alsáis iad a muintir. Tar éis di cáilíocht mór le rá (agrégation) a bhaint amach in 1914, chuaigh sí leis an iriseoireacht. Ó na 1920idí ar aghaidh bhí sí páirteach in iarrachtaí chun síocháin agus aontacht a bhaint amach ar fud na mór-roinne.
B’fheachtasóir díograiseach ar son chearta na mban í, agus d’eagraigh sí léirsithe sufraigéide sna 1930idí chun ceart vótála agus cearta comhionanna sibhialta agus polaitiúla a éileamh do mhná.
Tar éis an chogaidh, thaistil sí ar fud an domhain ag déanamh cláir faisnéise eitneagrafacha. Bhain sí cáil amach mar chainteoir comhdhála, scríbhneoir agus dialannaí agus d’oibrigh sí i bpáirt le roinnt de pholaiteoirí agus smaointeoirí mór le rá na linne.
In 1979, toghadh í chuig Parlaimint na hEorpa, sna chéad toghcháin Eorpacha a reáchtáladh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach. Agus í ar an bhFeisire ba shine de chuid Pharlaimint na hEorpa, bhí sí ina cathaoirleach ar sheisiún oscailte na Parlaiminte agus is í a thug an chéad aitheasc tionscnaimh sa Pharlaimint. Bhásaigh Louise Weiss in 1983.
In 1999, ainmníodh an foirgneamh ina bhfuil Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg ina diaidh.