Liosta de cheantair phoist Bhaile Átha Cliath
Tá ceantair phoist Bhaile Átha Cliath in úsáid ag seirbhís poist na hÉireann, ar a dtugtar An Post, chun post a shórtáil i mBaile Átha Cliath. Tá an córas cosúil leis an gceann a úsáidtear i gcathracha san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh go dtí gur ghlac siad le córais phostchóid náisiúnta sna 1960í agus 1970idí. Ionchorpraíodh iad seo i gcóras phostchóid nua, ar a dtugtar Eircode, a cuireadh i bhfeidhm in 2015..[1][2] Faoi chóras Eircode, bíonn an chathair clúdaithe ag na limistéir ródaithe bunaidh D01 go D24, mar aon le cóid A## agus K## le haghaidh láithreacha eile. i Réigiún Bhaile Átha Cliath..[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug rialtas na Breataine an córas na gpostcheantar isteach sa bhliain 1917, mar bhealach praiticiúil chun dáileadh áitiúil poist a eagrú.[4] Lean sé seo sampla na gcathracha eile, lena n-áirítear Londain, a foroinneadh den chéad uair i ndeich gceantar sa bhliain 1857,[5] agus Learpholl, an chéad chathair sa Bhreatain nó in Éirinn a raibh postchóid aici, ó 1864 i leith. Ceapadh an litir “D” le bheith ag plé le Bhaile Átha Cliath.[6] Choinnigh rialtas nua na hÉireann córas na gceanntracha poist, ach níor bhain an pobal úsáid as uimhreacha ceantair go dtí 1961, nuair a cuireadh le comharthaí sráide iad.[5] Roimh 1961, níor léirigh comharthaí sráide ach an t-ainm sráide i nGaeilge agus i mBéarla.
Méadaíodh líon na gceantar de réir mar a mhéadaigh an chathair, agus sna 1970idí, foroinneadh ceantair mhóra. Scoilteadh Baile Átha Cliath 5, agus a chuid cósta ag coinneáil an "5" agus Baile Átha Cliath 17 sa chuid intíre. As Baile Átha Cliath 8, Baile Formaid rinneadh Baile Átha Cliath 10, mar aon le Baile Phámar agus Séipéal Iosóid .
Mar sin féin, scaradh Baile Átha Cliath 10 arís ina dhiaidh sin, le Bhaile Phámar agus Séipéal Iosóid ag bunú Baile Átha Cliath 20.[7]
Sa bhliain 1985, roinneadh Baile Átha Cliath 6, le roinnt ceantar. mar shampla Teampall Mealóg, Kimmage agus Tír an Iúir, ag éirí mar chuid de cheantar nua chun próiseáil poist a éascú trí oifig seachadta nua do na ceantair sin. Chuir áitritheoirí i gceantair áirithe i gcoinne shannadh na chéad uimhir eile a bhí ar fáil, "Baile Átha Cliath 26," don phostcheantair nua, ag lua díluacháil réadmhaoine: ba ghnách gur léirigh na huimhreacha níos airde na ceantair nach raibh chomh saibhre agus nach raibh chomh lárnach.[8] Ghéill An Post ar deireadh thiar, agus tugadh Baile Átha Cliath 6W ar iarthar an cheantair.[5][9]
Struchtúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Times.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". thejournal.ie.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Fingal Independent.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Independent. “The new regime does not yet seem to spell the end for the postal district numbering system [..] drawn up under British rule in 1917”
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Times. “The postal districts in Dublin date back to 1917, when they were also introduced in cross- channel cities. Postal districts had started in London in 1857 [..] Dublin didn’t start using postal district numbers until 1961, as reflected in the old green street nameplates” Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "diary" defined multiple times with different content - ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Mirror.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Independent.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Independent.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Irish Times.