Jump to content

Corn FIFA an Domhain 2034

WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtCorn FIFA an Domhain 2034
Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm oifigiúilكَأْسُ الْعَالَمِ لِكُرَةِ الْقَدَم 2034 Cuir in eagar ar Wikidata
CineálCorn Sacair an Domhain Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíFIFA Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithe48 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
ÁitNEOM Stadium (en) Aistrigh (Tabuk Province (en) Aistrigh)
King Abdullah Sport City Stadium (en) Aistrigh (Buraidah)
Aramco Stadium (en) Aistrigh (Eastern Province (en) Aistrigh)
King Salman International Stadium (en) Aistrigh (Riyadh Province (en) Aistrigh)
Al-Murabba Stadium (en) Aistrigh (Riyadh Province (en) Aistrigh)
King Fahd Sports City (en) Aistrigh (Riyadh)
KSU Stadium (en) Aistrigh (Riyadh)
Prince Faisal bin Fahd Sports City (en) Aistrigh (Riyadh)
Prince Mohammed bin Salman Stadium (en) Aistrigh (Riyadh Province (en) Aistrigh)
Roshn Stadium (en) Aistrigh (Riyadh Province (en) Aistrigh)
King Abdullah Economic City Stadium (en) Aistrigh (Cúige Mheice)
King Khalid University Stadium (en) Aistrigh ('Asir Province (en) Aistrigh)
Jeddah Central Stadium (en) Aistrigh (Cúige Mheice)
South Riyadh Stadium (en) Aistrigh (Riyadh Province (en) Aistrigh)
Qiddiya Coast Stadium (en) Aistrigh (Cúige Mheice) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh10 Meitheamh 2034 – 10 Iúil 2034 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta2034 Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Twitter#worldcup2034 Cuir in eagar ar Wikidata

2030 Cuir in eagar ar Wikidata

Craobhchomórtais sacair is ea Corn FIFA an Domhain 2034, ar siúl san Araib Shádach sa bhliain 2034. Reáchtáladh an chéad Chorn Domhanda in 1930 in Uragua, agus bhí an bua ag an tír óstach. Ó shin i leith tá sé ar cheann de na himeachtaí spóirt is luachmhaire agus is mó faire ar domhan.

Lucht leanúna na hAraibe Sádaí, 2018
Neom[1]

Ar an 12 Nollaig 2024, thug Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA) Corn an Domhain 2034 don Araib Shádach, d’aon ghuth d’ainneoin imní faoi chearta an duine sa tír. Tá iniúchadh á dhéanamh ar an Araib Shádach le blianta ó thaobh chearta an duine agus an chomhshaoil. In ainneoin sin, chinn FIFA tairiscint na hAraibe Sádaí a chur chun tosaigh.[2]

D’fhógair FIFA i mí Dheireadh Fómhair 2023 "nach raibh aon tairiscint eile faighte acu" don chomórtas. I mí na Nollag 2024, glacadh leis an tairiscint d’aon gháir agus mar sin, ní raibh ghá é a chur ar vóta foirmeálta. Bualadh bos a thuill an fógra faoin tairiscint nuair a glacadh leis.

Bhí an cinneadh an comórtas a thabhairt don Araib Shádach cáinte go láidir ag eagraíochtaí cearta an duine. Is minic cáineadh á dhéanamh ar an réimeas san Araib Shádach faoin drochbhail agus an dúshaothrú a dhéantar ar oibrithe imirce, siocair bháis ag cuid díobh, an chos ar bolg ar mhná agus ar dhaoine LGBTQ+ agus an cheilt ar a gcearta agus an chaoi a ndéantar daoine sa tír a ghabháil gan chúis.

Ba é áitiú na hAraibe Sádaí go mbeadh an comórtas seo ina chuid ‘d’aistear mórathraithe” na tíre.  Sa tairiscint a rinne an tír, dúradh gur chuir siad ‘cur chuige bunaithe ar chearta an duine” i bhfeidhm le linn an phróisis iarratais ar fad.[2]

Níor thug FIFA ach mí amháin anuraidh do thíortha le suim a léiriú in óstáil an chomórtais.[3] Ina theannta sin, d’athraíodar riail dá gcuid féin maidir le hinfreastruchtúr ionas go bhféadfadh tíortha nach raibh oiread sin staideanna feiliúnacha acu tairiscint a chur isteach ar an gcomórtas. Bhí cosaint déanta ag FIFA ar an deifir a cuireadh leis an bpróiseas. Ach mheas eagraíochtaí cearta an duine go raibh easpa trédhearcachta agus cuntasachta ag baint leis an gcinneadh.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Neom" (as en) (2024-12-11). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 "Don Araib Shádach a tugadh Corn an Domhain 2034 d’aon ghuth d’ainneoin imní faoi chearta an duine sa tír" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-11). Dáta rochtana: 2024-12-12.
  3. "World Cup 2034: Why Fifa's Saudi Arabia coronation is so controversial" (en-GB). BBC Sport (2024-12-10). Dáta rochtana: 2024-12-12.