Niels Bohr
Fisiceoir as Cóbanhávan, An Danmhairg ab ea Niels (Henrik David) Bohr [nels ˈb̥oɐ̯ˀ] (7 Deireadh Fómhair 1885 – 18 Samhain 1962).
Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1922 don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige, as a thaighde ar struchtúr an adaimh is speictream hidrigine agus a réiteach siúd leis an teoiric chandamach a rinne sé sa bhliain 1913[1].
Rinne Bohr rannaíocht búnasacha i dtaobh thuiscint dhéantús an adaimh agus na meicnice candamaí. Deirtear gurb é Bohr ceann de na fisceoir is fearr den fichiú aois[2].
Cúlra
cuir in eagarDe réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh sé fuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí.
Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin na speictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraigh Niels Bohr sa bhliain 1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise.
Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist.
Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithe solais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ón meicnic chandamach.
Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnú slánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh le huimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is féidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna.
Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann na huimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach
Samhail Bohr
cuir in eagar- Tá fithiseach móiminteam uilleachna na leictreon candamaithe; L=nħ
- Teoiric go dtaistlíonn leictreoin i bhfithis scoite timpeall núicléas an adaimh, le gnéithe ceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh
- An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le leibhéal airde dfhuinneamh go dtí leibhéal níos ísle, ag astaigh fótóin (candam éadrom) le fuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí)
- An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidéar a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha.
Féach freisin
cuir in eagar- Léirmhíniú Cóbanhávan
- Karl Siegbahn : D'éirigh leis fianaise ar sceallsamhail Neils Bohr don adamh a aimsiú, agus d'fhorbair sé an speictreascópacht X-ghathach.
- Maighnéatrón Bohr : Móimint mháighnéadach an leictreoin a fhaightear ó mheicnic chandamach choibhneasaíoch, ag glacadh an leictreoin mar phonccháithnín. Ainrnnithe as Niels Bohr.
Saol
cuir in eagarRinne sé taighde ar an mbuama adamhach sna Stáit Aontaithe le linn an dara cogadh domhanda.
Chuidigh sé le bunú Institiúid na Fisice Teoiriciúla i gCÓbanhávan
Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr.
Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr. Sa bhliain 1975, lean Aage Bohr lorg a athar nuair a rug sé Craobh Nobel leis i ngort na fisice eithní.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais".
- ↑ Muiris Ó Meara. "A bhFuil Romhainn Amach". Dáta rochtana: 2018.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |