Ann Radcliffe
Údar Sasanach ba ea Ann Radcliffe (9 Iúil 1764 – 7 Feabhra 1823) a bhí ina ceannródaí i réimse na n-úrscéalta gotacha. Scríobh sí faoin ainm cleite "Mrs. Radcliffe".
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Iúil 1764 Holborn, England |
Bás | 7 Feabhra 1823 58 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Áit adhlactha | St George's, Hanover Square (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Gníomhaíocht liteartha agus úrscéal Gotach |
Gairm | úrscéalaí, scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 1789 – |
Seánra | Litríocht Ghotach agus úrscéal Gotach |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | William Radcliffe |
Athair | William Ward agus Ann Oates |
D'éirigh go han-mhaith léi. Shaothraigh sí na múrtha airgid as a cuid leabhar; fuair sí íocaíocht i bhfad ní b'airde ná an chuid ba mhó de na scríbhneoirí eile ag an am, cuma fir nó mná a bheith i gceist. Ach rinneadh dearmad áirithe ar a chuid úrscéalta ina dhiaidh sin.
Saol
cuir in eagarDuine príobháideach ba ea í. Is beag atá ar eolas againn faoina saol inniu,[2] Ach scríobh sé "The Female Advocate" sa bhliain 1799.[1] Am réabhlóideach a bhí ann agus bhí sí an-tógtha leis an bhfeimineachas.
Tháinig fiabhras ar Radcliffe agus d’éag sí ar an 7ú lá Feabhra 1823 (58 mblian d’aois a bhí sí ag an am).
Saothar
cuir in eagarScríobh Mrs. Radcliffe scéinséirí mistéire a bhí leagtha amach go cliste agus thug sí téamaí ceannairceacha isteach sna scéalta sin. Mhúscail sí spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr, rud a bhí neamhchoitianta ag an am agus in ainneoin na theagasc na gCríostaithe. Ach bhí míniú réasúnach ar na mistéirí sna scéalta sin i gcónaí. Nuair a bhí casadh aisteach sa scéal, bhí bunchúiseanna nádúrtha a mhíneodh an casadh céanna.
Chuaigh dea-iompar a cuid banlaochra i bhfeidhm ar na léirmheastóirí. Is i ngeall air seo gur tosaíodh ar glacadh leis an úrscéal gotach mar fhoirm inghlactha shóisialta.
Leabhair
cuir in eagarNaisc
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Barnes & Noble. "The Female Advocate . (1799) by: Mary Ann Radcliffe. ( was an important British figure in the early feminist movement.)|Paperback" (en). Barnes & Noble. Dáta rochtana: 2022-02-07.
- ↑ Rictor Norton. "The Life of Ann Radcliffe". rictornorton.co.uk. Dáta rochtana: 2022-02-07.
- ↑ Radcliffe, Ann Ward (1795). "A journey made in the summer of 1794, through Holland and the western frontier of Germany, with a return down the Rhine; to which are added, observations during a tour to the lakes of Lancashire, Westmoreland, and Cumberland". London : G.G. and J. Robinson.