An Ísiltír
Is tír í an Ísiltír (Ísiltíris: Nederland, Freaslainnis: Nederlân, An Phaipeamaintis: Hulanda), go hoifigiúil Ríocht na hÍsiltíre (Ísiltíris: Koninkrijk der Nederlanden), atá suite in iarthuaisceart mhórthír na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg agus leis an nGearmáin. Is monarcacht bhunreachtúil í. Is é Rí Willem-Alexander na hÍsiltíre an Ceann Stáit. Tá an rialtas suite sa Háig ach tá Amstardam ina phríomhchathair chomh maith. Tá cónaí ar 16,318,199 duine san Ísiltír (meastachán as Iúil 2004). Tá an Ísiltír deighilte ina 12 cúige. Úsáidtear an euro. Is iad Ollainnis agus Freaslainnis na teangacha oifigiúla. Is é “Wilhelmus van Nassouwen” amhrán náisiúnta (bhí sé scríofa chun clú a chur ar Liam Oráiste). Is ball den Aontas Eorpach í.
An Ísiltír | |||||
---|---|---|---|---|---|
Nederland (nl) | |||||
|
|||||
Aintiún | Wilhelmus (10 Bealtaine 1932) | ||||
Mana | «Je maintiendrai» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Ríocht na hÍsiltíre | ||||
Príomhchathair | Amstardam | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 17,942,942 (2024) | ||||
• Dlús | 480.04 hab./km² | ||||
Déamainm | Ollannach, Ísiltíreach | ||||
Teanga oifigiúil | an Ollainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Ríocht na hÍsiltíre Benelux Aontas Eorpach Iarthar na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 37,378 km² | ||||
• Uisce | 18.7 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mhuir Thuaidh, IJsselmeer (en) , Markermeer (en) , Muir Wadden, Muir Chairib agus Gooimeer (en) | ||||
Pointe is airde | Mount Scenery (en) (887 m) | ||||
Pointe is ísle | Zuidplaspolder (−6.76 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre | ||||
Cruthú | 19 Eanáir 1795 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht pharlaiminteach agus monarcacht bhunreachtúil | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hÍsiltíre | ||||
Comhlacht reachtach | States General (en) | ||||
• Rí na hÍsiltíre | Liam I na hÍsiltíre (1815–1840) | ||||
• Príomh-Aire na hÍsiltíre | Dick Schoof (2024–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 1,011,798,853,062 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | UTC+01:00 (a European Netherlands (en) , am caighdeánach) UTC+02:00 (a European Netherlands (en) , am samhraidh) | ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .nl agus .frl | ||||
Glaochód | +31 agus +599 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 911 | ||||
Cód NUTS | NL | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rijksoverheid.nl | ||||
Cúigí
cuir in eagarTá 12 cúige san Ísiltír:
|
Eacnamaíocht
cuir in eagarÚsáidtear an euro mar airgeadra san Ísiltír. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hÍsiltíre an 27ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 18ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 15ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ísiltír, é ar $53,582 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ísiltír an 10ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an ceathrú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ísiltír an 6ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.5%, an comh-cúigiú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]
Gailearaí
cuir in eagar-
Margadh cáise in Gouda, an Ollainn Theas
-
Aardzee ('Muir Talún'), saothar ealaíne le Piet Slegers, in Flevoland
-
De Ketelbrug ('Droichead na Ketel') in Flevoland
-
Bredevoort, Gelderland
-
Oileán Texel, an Ollainn Thuaidh
-
Rotterdam, san Ollainn Theas, i rith taispeántais soilse sa bhliain 2007 i gcuimhne bhuamáil na cathrach sa Dara Cogadh Domhanda
-
An Hortus Botanicus in Amstardam, an Ollainn Thuaidh
-
Oileán Terschelling, an Fhreaslainn
-
Oileán Vrieland, an Fhreaslainn
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Bevolking per regio naar leeftijd, geslacht en burgerlijke staat" (Ollainnis). Statistics Netherlands (2007).
- ↑ "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |